Isabel Allende

Scríbhneoir Sileach is ea Isabel Allende (foghraíocht in IPA: isaˈβel aˈʝende) a rugadh ar 2 Bealtaine 1942. Tá sí aitheanta as a cuid úrscéalta, ina mbíonn gnéithe den réalachas draíochta le feiceáil, úrscéalta mar ''La casa de los espíritus'', ("teach na dtaisí", 1982) agus ''La ciudad de las bestias'' ("Cathair na mbrúideanna", 2002). Bíonn díol maith ar a cuid leabhar. "An t-údar Spáinnise ar domhan is mó a léitear" a thugtar uirthi. Sa bhliain 2004, glacadh Allende isteach insan American Academy of Arts and Letters, agus sa bhliain 2010, fuair sí Gradam Náisiúnta na Litríochta sa tSile. Bhronn an tUachtarán Barack Obama Bonn Shaoirse an Uachtaráin uirthi sa bhliain 2014.

Bunaíonn Allende a cuid úrscéalta go minic ar a saol féin agus ar eachtraí stairiúla. Tugann siad ómós do shaol na mban, agus miotais agus réalachas fite fuaite lena chéile. Tá léachtaí tugtha ina lán áiteanna sna Stáit Aontaithe aici.

Sa bhliain 1993 ghlac sí saoránacht Mheiriceánach. Tá sí pósta ar fhear Meiriceánach, agus táid ina gcónaí i gCalifornia ón mbliain 1989 i leith.

Rugadh Allende mar Isabel Allende Llona in Líoma, Peiriú, mar a raibh a hathair, Tomás Allende, ina dhara-rúnaí in ambasáid na Sile. Ba chol ceathair leis é Salvador Allende, Uachtarán na tSile ó 1970 go 1973. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 9 toradh á dtaispeáint as 9 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Allende, Isabel', am iarratais: 0.14s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Allende, Isabel
    Foilsithe / Cruthaithe 2010
    Rannpháirtithe: “…Allende, Isabel…”
    Gairmuimhir: CD Alle (PatBü)
    Inhaltstext
    Fuaim LEABHAR
  2. 2
    de réir Allende, Isabel
    Foilsithe / Cruthaithe 2023
    Gairmuimhir: SL Alle (PatBü Psych)
    Inhaltstext
    LEABHAR
  3. 3
    de réir Allende, Isabel
    Foilsithe / Cruthaithe 2016
    Gairmuimhir: SL Alle (PatBü Psych)
    Inhaltstext
    Inhaltstext
    LEABHAR
  4. 4
    de réir Allende, Isabel
    Foilsithe / Cruthaithe 2019
    Gairmuimhir: SL Alle (PatBü)
    Cover
    LEABHAR
  5. 5
    de réir Allende, Isabel
    Foilsithe / Cruthaithe 1999
    Gairmuimhir: Gross Alle (PatBü)
    LEABHAR
  6. 6
    de réir Allende, Isabel
    Foilsithe / Cruthaithe 1994
    Gairmuimhir: SL Alle (PatBü)
    LEABHAR
  7. 7
    de réir Allende, Isabel
    Foilsithe / Cruthaithe 1986
    Gairmuimhir: SL Alle (PatBü)
    Inhaltsverzeichnis
    LEABHAR
  8. 8
    de réir Allende, Isabel
    Foilsithe / Cruthaithe 1986
    Gairmuimhir: SL Alle (PatBü)
    Inhaltsverzeichnis
    LEABHAR
  9. 9
    de réir Allende, Isabel
    Foilsithe / Cruthaithe 2001
    Gairmuimhir: SL Alle (PatBü Psych)
    Rezension
    LEABHAR